School: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (roll number 8499)
- Location:
- Runnamoat, Co. Ros Comáin
- Teacher: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Nuair a bhí an Naomh Iosaf, an Maighdin Muire agus an leanbh Íosa Críost ag teiceadh on Herod, tainigeadar go dtí fásach.”
Reamh-Rádh
Fuair mé a sgéal seo ón Padraig Ó Duibhir & chuala sé é on a athair. Feirmeoir iseadh é & tá suas le seamhadh bliadain d'aois caitthe aige.Sgéal
Nuair a bhí an Naomh Iosaf, an Maighdin Muire & an leanbh Íosa Críost ag teiceadh on Herod. Thainigeadar go dtí fásach. Bhí gaoth mór ag séideadh & do chaill an Maighin Muire an biorán a bhí in a cóta. Bhí an cóta sin thart timpeall an leinbh.
Casadh leo maor a bhí ag féachaint in a diaidh na mbó & d'iarr sí air biorán a dhéanamh di. Dubhairt sé nach raibh aon am aige mar béigin do aire a thabhairt do na buaibh. Casadh maor leo & thug sé an freagra céadna. Bhí an Mhaighdin Mhuire i gcruaidh cás.
Do trialladar ar aghaidh go dtí gur shroiseadar . Tháinig an gabha amach & nuair do chonnaic sé an cuma a bhí ar an mnaoi bocht ghabh truaigh air &(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Duibhir
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Occupation
- Feirmeoir