Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)
- Suíomh:
- Runnamoat, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Nuair a bhí an Naomh Iosaef, an Maighdean Muire, agus Íosa Críost ag teiceadh on fhearg an Herod bhí turas fada le séanamh acu sul a shroisfidis Egypt.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Dá leigeadh sí strainséoirí isteach mar sin é an ceírd a bhí aige - gaduidheacht.
Níor labhaireadar focal. Acht nuair a d'airigh sí an cuma ar an Maighdean Muire & an leanbh in a baccalin tháinig truaigh in a croidhe do leig sí iad isteach.
Bhí teine breágh ar an teinteán & tar éis tamaill nuair do thug sí fe ndeara nach raibh aon olcas ionnta rinne sí caidreamh leo. Dubhairt an Maighdean Muire leí uisge a chur ar an teine & é a teitheadh cun an leinbh a nigheadh ann.
Rinne an bhean amhlaidh. Ag an am ceadna d'airigh an Maighdean Muire go raibh galar uathbhásac ar leanbh na mná.
Nuair a bhí an t-uisge te do líon bean - a - tighe é insan dtubán & nochtuighe an leanbh beannnuighthe & do nigheadh É sa uisge. In a dhiaidh sin thóg an Maighdean Muire an leanbh eile in a baccallín. Do nochtuigh sí é & do nigh sí an naoidheán insan dtubán. Miorúilt ! Nuair do bhain sí é as an uisge ní raibh rian an ghalair air, bhí sé chomh slán le Íosa Críost.
Do mhéaduigh súile na mná le ionghnadh. Ní sí indhon focal a labairt.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Cormac
- Inscne
- Fireann