School: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (roll number 8499)
- Location:
- Runnamoat, Co. Roscommon
- Teacher: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Nuair a bhí an Naomh Iosaef, an Maighdean Muire, agus Íosa Críost ag teiceadh on fhearg an Herod bhí turas fada le séanamh acu sul a shroisfidis Egypt.”
(continued from previous page)Dá leigeadh sí strainséoirí isteach mar sin é an ceírd a bhí aige - gaduidheacht.
Níor labhaireadar focal. Acht nuair a d'airigh sí an cuma ar an Maighdean Muire & an leanbh in a baccalin tháinig truaigh in a croidhe do leig sí iad isteach.
Bhí teine breágh ar an teinteán & tar éis tamaill nuair do thug sí fe ndeara nach raibh aon olcas ionnta rinne sí caidreamh leo. Dubhairt an Maighdean Muire leí uisge a chur ar an teine & é a teitheadh cun an leinbh a nigheadh ann.
Rinne an bhean amhlaidh. Ag an am ceadna d'airigh an Maighdean Muire go raibh galar uathbhásac ar leanbh na mná.
Nuair a bhí an t-uisge te do líon bean - a - tighe é insan dtubán & nochtuighe an leanbh beannnuighthe & do nigheadh É sa uisge. In a dhiaidh sin thóg an Maighdean Muire an leanbh eile in a baccallín. Do nochtuigh sí é & do nigh sí an naoidheán insan dtubán. Miorúilt ! Nuair do bhain sí é as an uisge ní raibh rian an ghalair air, bhí sé chomh slán le Íosa Críost.
Do mhéaduigh súile na mná le ionghnadh. Ní sí indhon focal a labairt.(continues on next page)- Informant
- Pádraig Mac Cormac
- Gender
- Male