Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)
- Suíomh:
- Runnamoat, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley
- XML Leathanach 046
- XML “Seanfhothrach Roinn a' Mhóta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Reamh - Rádh
Fuair mé an cur síos seo & na rudaí a tharla on maor a bhí ag féachaint in diaidh na h-áite sin.Cuireadh an teac Roinn-a-móta san seachtmadh bliadhain deag d'aois. Ag an uair sin bhí an fheilm i seilbh an fhir darbh ainm "Garrett" bhí sé trí stóir in airde & bhí deich seomraí ann.
Sean-fhear do beadh é ag an uair sin & bhí aimsire ag féachaint in a dhiaidh. Fear simplidhe do beadh é & ní dhéanadh sé cuairt acht go h-an annamh.
An caitheamh aimsire bá mhó a bhí ag na daoine uaisle ag an uair sin - ag seilg na sionnach.
Thárla ar aon ócáid go raibh plód mór ann & tar éis an lae bhí feiste ar siubhal i dteach fir éigin.
I measc an gcomhluadar bhí Mac Uí Grattan. Nuair do bhuail sé isteach i halla an tighe mhóir do bhain sé a chóta & a hata de & chroch sé iad ar eadaigh eile. Sean cóta & hata do beadh iad mar ní chuir an duine aosta sin(leanann ar an chéad leathanach eile)