Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)
- Suíomh:
- Runnamoat, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley
- XML Leathanach 047
- XML “Seanfhothrach Roinn a' Mhóta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mórán suime in éadaigh.
Ag an bhféasta bhí a lán Oifigeach ón árm Sasan. Bhí siamsa & spórt ar siubhal ar feadh na h-oidhche & nuair a bhí breacadh an lae beagnach ann. D'eirigedar cun a mbóthar a chur díbh abhaile.
Bhí oifigeach amháin ag lorg a chóta & níorbh féidir leis é a fhágail mar bhí sé i bhfolach fé chóta an tseanfhir. Chuardaigh sé in gach áit & fé dheireadh fuair sé é. Bhí sé ar buille & d'fhiafraigh sé den chomhluadar cé a chroc a chóta air. Dubhairt an sean-fhear go gcroch sé a chuid éadaigh air & níor thuig sé go raibh sé ag argúint mar gheall air sin.
Do chaith an Oifigeach a láimini roimhe. Socruigeadh annsin an áit in a gcasidís le chéile & an sort gléas troda a bheadh acu.
Míle on Rosacomáin i bpairc rasaigh maidin in a dhiaidh sin ar a cuig a chlog - sin é an áit.
Do sgaradar ón a chéile annsin. Maidin in a dhiaidh sin tháinig an Oifigeach, an Dochtúir, a fhear cabhra & moltóir go dtí an áit & níor tháinig an seanfhear. Do ghlaodadar amach an raibh sé ann acht ní fuaradar freagra.
Tháinig fear uasal eile ar an mbealach & chuala sé an sgéal. Dubhairt sé go dtroidfeadh(leanann ar an chéad leathanach eile)