Scoil: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara (uimhir rolla 13762)
- Suíomh:
- Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. M. Rosáraí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Piseóga a bhaineann le ím agus bainne:- Deireann na sean daoine nách ceart bainne do thabhairt d' aeinne Lá Bealtaine mar go mbeadh sé gá thabhairt amach i rith na bliana ar fad. Ní ceart dul isteach i dtig na mbíonn cuigeann ar siubhal gan casadh do thabhairt ar an gcuigeann. Ní ceart teine do cur amach as an dtig an faid a bhíonn cuigeann gá dhéanamh. Is ceart cuigeann do dhéanamh Lá Bealtaine agus muna mbíonn uachtar agat ceann do dhénamh i mbuidéal. Ní ceart bó an cómharsan do crú Lá Bealtaine mar go mbeadh maitheas an bó sin agat i rith na bliana. Ní ceart bó do bualadh le'n a lainceis. Ní ceart maothal do leagaint ar an dtalamh san buicéad go ndeineann tú cómharta na Croise trí uaire ó's cionn na teine. Piseóga ag baint le na marbh:- Ní ceart cos na cómhran do thabhairt isteach ar dtúis i dtig agus nuair a bhíonn sé a iomchar amach is ceart cos na cómhran do dhéanamh cur amach ar dtúis. Nuair a bhíonn duine marbh ní ceart caoineadh do dhéanamh go dtí go mbíonn gúna an bháis air. Ní ceart dul(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Failleán Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Seanbhaile Liath, Co. Chorcaí