Scoil: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara (uimhir rolla 13762)
- Suíomh:
- Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. M. Rosáraí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Coimhnuigheann sean fhear ar a dtugtar Seán Ó Suilleabháin i dTúr Mór. Tá feirm bhreágh talmhan aige.
I lár na feirme, tamall beag ón dtig tá páirc riascaig a ar a dtugtar Muing Dhubh agus tá paiste beag talmhan i lár na páirce a bhíonn tirm glas i gcómhnuidhe, cé go mbíonn an cuid eile de'n pháirc fliuch pludach.
Sa phaiste seo, deirtear gur cuireadh fathach fadó agus mar ba gnáth sa'n am san cuiread a chlaidheamh leis.
Bhí an fheirmeóir seo ag tógáil claidhe lá agus bhí sé ag lorg cloch. Nuair a tháinig sé go dtí an áit seo d'iompuigh sé leac agus fuair sé claidheamh cré-umha fé. Thóg sé leis é agus cuireadh go dtí an Múseum Náisiúnta é agus tá sé ann ó shoin i leith.
Claidheamh an-tabhachtach iseadh é seo mar deirear gur deineadh é i Ré na Cré-umhna sar ar táinig ár Slánuightheóir.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ladhar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Súilleabhán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Tuar Mór Thiar, Co. Chorcaí