Scoil: Ros Mhic Eoghain (uimhir rolla 1388)
- Suíomh:
- Ros Mhic Eoghain, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seoirse Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1) Tá [?] Síos im Banch ar bhruach Chuain Beannthraighe tha carraighreacha móra cómhgharach don tráigh. Is anairdhe ar na carraighreacaha sin a léigheadh an sagairt an Aifrinn fado nuair a bhí na Péin Dlighthe i bhfeidhm.
Tá cloch mhór leathain ar a bharr agus dha chloich eile mar tacha fúithi. Deirthear gur mí-ádharamhach aon bhaint a bheith leo.2) Tá carraig Aifrinn eile istig i lár abhann ar a dtugtar "Cumar Jack" thuas in aice Curach Dubh. Tá an carraig san an-árd agus an-réidh agus tá sé in a luighe ar carraigeacha eile. Deirtear go ndeireadh sagairt Aifreann ann fadó agus go bhfuil rian a gcos agus a lámh air riamh ó shoin.