Scoil: Ros Mhic Eoghain (uimhir rolla 1388)
- Suíomh:
- Ros Mhic Eoghain, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seoirse Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Mhic Eoghain
- XML Leathanach 101
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Eascú-luachra do chimilt do duine nuair a dóghfaidhe é.
2. An duine a lighfeadh eascú-luachra deirtear go mbeadh leigheas in a theangain - go mór mhór do faithne agus nioscoidí.
3. Dá gcimileóchadh duine eascú-luachar d'á theangain d'fhéadfadh sé piosa iarainn dearg do choimeád i gcoinnibh a theangan gan é féin do dhóghadh.
4. Punann tuige do lasadh fé bó nuair a bheadh sí breoidhte.
5. Deirtear go bhfuil leigheas i dteangain madra nó i dteangain sionnaigh nuair cimiltear iad le cneadh nó le créacht.
6. An t-uisge in a beirbhightear prátaí do chur le faithne chun iad do leigheas.
7. Líon ruadháin alla do chur ar créacht a beadh ag tabhairt fola chun stop do chur leis.
8. Dá mbeadh fáithne ar bó, ribe gruaige do thógaint ó'n a h-eirbeall agus é do ceangailt mór-thimcheall na fáithne agus go mbainfeadh sé an fáithne di.
9. Eidhin do chimilt do ceann duine nuair a bhíonn tinneas cinn aige.
10. Leigheasann slánlus cnag leis an slánlus do mheascadh ar a chéile agus iad do chur ar an gcnag.(leanann ar an chéad leathanach eile)