Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 080

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 080

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 080
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    piolót sa bháid. Dubhairt an captain lé é boxáil i nGaedhluinn mar na fheadhfhadh sé é dheunamh i mBéarla. Cuaidh sé ag boxáil. Nóra Ní Shea ib ainm do mháthair an piolót.
    "Síor a dheas go maith, agus ó dheas féin
    Nóra Ní Shea is a mach, mich mach Nóra Ní Shea
    Agus Nóra Ní Shea fhein."
    "Tóg ordú na luinge anois, agus tabhair suas go Beanntruige í" arsan captain leis. Do thil sé go raibh sé tar éis an compás a bhoxáil i gceart.
    Bailig: Eibhlín Ní Cheadagáin, Gleann
    Fuaireas ó Pádruig Mac Coitir, Gleann Shiar
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí baintreach i maractaint i dtaobh an bhóthar in aice Cáthair Chorcaighe. Ní raib aon slige bheatha aice féin agus ceathar mach. Sa deire chuaid an ceáthar acha ag tuilleamh ar a ámhur féin. Bhíodar ag siobhlóid go dtánagair go crois bhóthar. Do cuaid duine acha siar duine aca soir, duine acha ó dheas, agus an duine eile acha ó thuaidh. Do tugadar léamh agus fhocal dá céile go dtiochfaidís le céile i gceann bliadhain is lá ag an crois ceadhna. An fear d'imthig síar is mar geall air sin do thuit an sgéal amach. Do bhuail duine uasail uimthi. Ministéir óg a beadh é. D'iarraidh sé air cá raibh sé ag dul. Dubhairt sé go raibh sé ag cuardach oibre. Dubairt an ministéir go dtabhaireach sé féin obair do. Tug sé isteach é. Dubhairt sé gur fairre oidhce a theastuig uaig. An beirt fear a bhí ann roimis do bhiodar marbh ar maidin. D'iarraidh sé an trialach sé é agus dubhairt sé go ndeanach gan dabht. Do cuaidh sé amach um tráthnóna agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge