Scoil: An Dúinín (uimhir rolla 4444)
- Suíomh:
- An Dúinín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: R. Ó Motharua
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Dúinín
- XML Leathanach 127
- XML “Tobar Phartaláin Naofa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sé suidthe i mbaile - fearann na Tuatha (Jockead) i Logán in aice na faille cois fairrge ar an taobh thuaidh de'n áit. Tuir singirlín ar an taobh thiar de cloch móra, leathana, árduithe ar gach taobh de ac ar a dtaobh thiar thuaidh, leach mór ar a bhárr i gcóir na n-oilithreach.
Fear naomtha ab' eadh Partalán a théigheann go dtí an tobar, ag síor-guidhe cun Dé, toisg é bheith dall. Tugadh radharc na sul cuige airís agus ó shoin i leith tá a ainm ar an dtobar. Tá tráig in aice na h-áite - Cuaisín a' Tobair.
14adh Bealthaine - D'eug an turus ann 40 blian ó shoin
Cun galair na sul do leigeas
Trí chuairt do dhéanamh timpeall ar tobar ar an taobh clé. Cloc Bhán cun gach cuirt do mharcáil. Deirtear deichneabhar de'n Coróin Mhuire ag gach cuairt agus an liodán ar deire
Ní nightear na súile ins an uisce ar ao' chor - ach óltar an t-uisce agus tógtar abhaile é
Nuair a bhíodh na daoine ag fágaint an tobair ceangaileadh píosaí éadaig ar an dtor singirlín. Deirtí go mbíodh iasc san tobar, Uair áirithe thóg duine éigin buicéad uisce agus an t-iasc ann, abhaile ach ní fhiuchfadh an t-uische agus cuireadh an t-iasc san tobar airís.- Faisnéiseoir
- Bean Uí Ceochaín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceann Tuaithe, Co. Chorcaí