Scoil: Doire Clathach (uimhir rolla 11931)
- Suíomh:
- Doire Clochach Uachtarach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Firbisigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0299, Leathanach 199](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0299%2FCBES_0299_199.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0299, Leathanach 199
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Clathach
- XML Leathanach 199
- XML “Réamhrá”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a thosuigheas ar an bailiúcán seo a dhéanamh trí bliana ó shoin bhíos ag múineadh i gCnocbuidhe. Anois táim ag múineadh i Doire Clathach sa paróiste céadna : Drom Dháliag. Dá bhrígh sin tá béaloideas an dá cheantair, no cuid de ba cheart dom a rádh bailighthe sa cnuasach so agam.Bhí cuid de bailighthe agam fein le roinnt bliana ó 1928 agus bhí an t-ádh liom an uair mar bhí bheirt sean daoine atá anois ar shlighe na firinne n-a gcómhnuidhe comhgarach dom. Bhí togha agus rogha na Gaedhilge aca agus gan act beagan bearla agus is iomdha sgeal a fuaireas uathu i nGaedhilg. Baineann siad le Dromdháliag, Ros Cairbre agus Tig Molaga agus tá an cuid is mó díobh sa leabhar so.Is ar a luighead dom mo bhuidheachas a chur i gcéill do Dhómhnall o Drisceoil Leathanac, agus Mícheál Mac Cárthaig Drom Fhosta, Dromdháliag a chabhruig go mór liom cun an bailiúcáin seo a dhéanamh. Tá an bheirt aca go beo bríoghmhar fós cé go bhfuil(leanann ar an chéad leathanach eile)