Scoil: Réidh na Scríne (C.), Ros Ó gCairbre (uimhir rolla 8750)
- Suíomh:
- Ré na Scríne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Síle Ní Dhonnchadh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- B'é seo mar ainm eile ar Ros ó Cairbre mar thagadís mic léighinn as gach áird chun foghluim d'fhághail ag an scoil arsa abhí ann ag Naomh Fachtra sa sémhadh aois.Deirtear go raibh Naomh Fachtna amuigh aon lá amháin agus dhein sé dearmhad ar a leabhar in a dhiaidh, agus san oidhche tháinig an báisteach agus cheap an Naomh go mbeadh an leabhar gan maith. Ach ar maidin cad a chífeadh sé ach teampull beag ós a chionn agus a leabhar slán.Bliadhanta 'na diaidh san bhí fear in a chomhnuidhe in aice na h-áite céadna agus ní raibh an t-sláinte ro-mhaith aige. Thug sé geallamhaint go gcuirfeadh sé eaglais ar bun da bhfuigeadh sé a shláinte. Tháinig feabhas air agus do dhein sé amhlaidh. Tugtar "Teampuillín Fachtnan" ar an bhfotharach anois.Ar an 15adh lá Lughnasa, tugann daoine "rounds" timcheall an t-sean-fhotharaig - Sé lá'le Fachtnan an lá san. Téighinn siad naoi n-uaire timcheall agus paidreacha á rádh acu.Tógann siad uisce as tobar beag atá ann cuid de'n cré leis ach ní bhíonn na sluaigthe daoine ann anois mar a bhídís.