Scoil: Lochán Mór
- Suíomh:
- An Lochán Mór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0275, Leathanach 102](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0275%2FCBES_0275_102.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0275, Leathanach 102
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear darbh ainm dó Domhnall Mhuirthí (Mac Cárthaigh) 'na chómhnuidhe i mBiolarach fadó. Cáit ab'ainm d'ingean abhí aige. Ní fóláir nó gur chailín breágh, dathamhail[?] í Cáit mar sean-bhean uasal dhíreach ab'eadh i sar a cailleadh í annsúd cúig bliadhain ó shoin nó mar sin. Bhí Peadí Phádruig (Ó Súilleabháin) 'na chómhnuidhe i mBealach Baoi an chéad bhaile eile taobh thiar de Bhiolarach. Fear cumasach bhreágh chómh díreach le slait, ab'eadh Peaidí. Bhí sé trí n-órlach leis na sé troighthe ar aoirde; agus é chómh láidir le capall. Bhí feirm bheag talmhan aige, féar trí mbó ach iascaire maith ab'eadh é. Fear cúramach, cliste, deaslámhach(leanann ar an chéad leathanach eile)