Scoil: Béal an Chrobháin (uimhir rolla 11023)
- Suíomh:
- Béal an Churraigh Bháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Tadhg Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal an Chrobháin
- XML Leathanach 297
- XML “Aontaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bíodh aontuíghe ann fadó ná fuil ann anois. Bíodh aontuige ins na h-Aodhraoí agus níl siád ann anois. Biódh ceann ann Lá 'le Seáin agus an tarna lá de Iúl. Geobhaidís níos mó airgid i mBaile Chaisleáin agus annsan ní thagadh aoinne cun an aonaig ins na h-Aodhraoí. Níl aon áit spíasalta ins an baile cun an aonaig acht ceannuightear iád ar thaobh na sráide.
Tugadh leath choróinn nó dhá-scilling as gach beithídheach a dióltar. Fadó ní thugaidís acht sgilling. Tugtar an t-airgead sin don duine a ceannuígheadh an beithídheach. Glaodhtar airgead ratha ar an t-airgead sin. Seo mar a dheineann síad an margadh. Deireann an ceannathóir tabharfhaidh mé £4 duit. An dioltóir: ní tógfhadh é. Tabharfaidh mé ceithre puínt agus deich sgillinge dhuit. Ní dhíolfaidh mé é gan ceithre puínt agus cuíg sgillinge deág. Dein dhá leath den difir. Bíonn síad mar sin ar feadh tamaill agus fé dheire reightígheann síad. Cuireann síad marc eígin ar an mbeithídheach. Bíonn rud gorm ag cuid aca agus cuireann síad march leis orrtha. Daoine eile baineann síad píosa den fionnadh diobh le siosúir. Tarraingeann síad sgián tré chliáthán na muice nó baineann siád piósa den grúaig díobh. Aonach an Fhóghmair an t-aonach is mó a thagann sa bhlián.- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Sheághdha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cill Chaitiairn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Sheághdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chaitiairn, Co. Chorcaí