Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)
- Suíomh:
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caolchoill
- XML Leathanach 005
- XML “Ór agus Airgead i bhFolach”
- XML “Ór agus Airgead i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí trí chead sobhern istig sa stoca act níor airigheas riamh ainm an té fuair é. Nuair a fhiafhruighinn ce fuair é sé deireadh mo athair "A bhligeáird bhfearra dhuit aire thabhairt dod' leabhar" nó "Nár bhuailfihid Dia fios amuth"
Sé an rud adheireadh an sgéalaidhe "A gharsúin ní fearra dhuit a fhios do bheith agat. Ach tuigeadh dom ámh nár fhan aon lá rath ar an té fuair é. - III
Tímceall míle nó mar sin ó Scoil na Caolcaille do mair duine de mhuinntir Mhongáin cheithre fichid bliadhain ó shoin. Sé is dóichighe gur i nDrom-Lice-Crúdh do mhair se. Níor phós sé riamh agus bhí ráfla amuigh air go raibh a lán airgid aige. Bhí a fhios ag á dhaoine mhuinnteartha go raibh os cionn cheithre chead púnt aige acht níor innis sé riamh dóibh ciacu sa bhannc a bhí sé aige no istigh na bhosca. Pé sgéal é nuair a fuair sé bás go chuireadar é go glánta. Aoinne a chuaidh ar an d-tóramh nó san tsochraidh fuaradar a ndoithín le nithe agus breis agus a ndóthain le nól. Bhí go maith act nuair a chuaidh a dhaoine mhuinnteartha go dtí an bosca san áit gur cheapadar an tairgead do bheith ní raibh oiread agus leath-(leanann ar an chéad leathanach eile)