Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)
- Suíomh:
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caolchoill
- XML Leathanach 157
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí béas no nós ag na sean-daoine gan aon bhraon d'uisge salach d'fágaint istigh istoidhche...”
(ar lean ón leathanach roimhe)ní raghadh sí thar doras amach ar lorg galún uisge no bacall mhóna gan an leanbh do bhreith léi, sé sin dá mbá ná beadh aoinne aice chun aire do thabhairt do fhaid do bheadh sí amuigh. Dá mbeadh an tobar nó an chruach mhóna aon tamall ó'n dtig isé rud do dheineadh sí ná so:- "Do chasadh sí "shawl" timcheall an leinbh agus bhuaileadh sí chúiche ar a drom é. Acht nuair bhíodh na leanbhaí ró-óg chum iad do thógaint amach isé rud do dheineadh na máthaireacha na fual do chaitheamh ar an gcliabhán. Deirtear ná tiocfhadh éinne ó'n saoghal eile in aon acamaireact do dhuine pé aos é dá bhfaighidís boladh an fhuail uaidh.(gan teideal)
“Peig Ní Luana" an bean feasa go raibh an trácht is mó uirri sa cheanntar so...”
"Peig Ní Luana" an bean feasa go raibh an tráct is mó uirri sa cheanntar so agus nuair do mhair sí ní raibh sean-bhean ná sean-duine sa cheanntar ná go raibh aithne acu uirri, mar ní raibh duine aca nár thug cuaird uirri tráth éigin cum cómhairle d'fagháil uaithe. Sa Ghleann Gharbh iseadh do mhair sí agus seo sgéal d'airígheas na thaobh. Ní hiad na daoine amháin do sgiobadh na Daoine Maithe leó do sgiobaidís na beithíg agus na capaill leó.
Bhí fear ar an mBárrlinn nuair do mair Peig. Murty Ó Cróinín dob ainm do. Bhí na beithíg 'ghá gcailleamhaint air agus dá leanfhadh an sgeál(leanann ar an chéad leathanach eile)