Scoil: Carraig an Ime (uimhir rolla 4457)
- Suíomh:
- Carraig an Ime, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Luasa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus greasaide dob eadh é agus bhí tig deas cluthmhar comhórdach aige. Bhí sé pósta cé go raibh sé bocht. Bhí saoghal suairch, subháilceach aige. Dheineadh sé bróga maithe is bíodh sé ag obair moch déanach; ach chuaidh an saoghal in-a choinnibh, agus lá amháin dubhairt sé lé na mhnaoí ná raibh de leathair aca ach dóithin peidhre bróg a dhéanamh. "Níl leigheas air" arsa bhean, "ach is goire cabhair Dé ná an dorus." "Gearrfadh an leathair so ibh fuirm is igcóir, déanfaimid ár bpaidreaca agus ragaimíd a chodladh," arsa an gréasaide. Deineadar amhlaidh. Nuair éirigheadar ar maidin bhí iongnadh a gcroidhe orthu, mar bhí peidhre breág brógar an mbórd. Bhíodar déanta cómh slachtmhar san go ndubairt an gréasaidhe, tar éis iad do iniuchad go mhaith.
"Dar mo choinsias ach ní haon chabléir a dhein iad so." Níorb fada go dtáinig cúistiméir isteach. Thaitn na bróga leis is ceannuig sé iad. Ceannuig an Greasaide leathair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Laoghaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc Ráithín, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Owen Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc Ráithín, Co. Chorcaí