Scoil: Carraig an Ime (uimhir rolla 4457)

Suíomh:
Carraig an Ime, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Luasa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig an Ime
  2. XML Leathanach 018
  3. XML “Béaloideas - Fir Thréana Chluain Droichead”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do réir gach dheallraimh, agus gach tuairisc dhá bhfuil againn ó'n nglúin a tháinig rómhainn ní raibh Cluan Droichead riamh gan fir maithe. Ní fulair nó is ar beatadh an bhaill a bhí sé, nó a lan dhe, pé ar dhomhan é. Bhí dúil a gcroidhe i gcómhnuidhe riamh acú, bheith ag imirt liathróide coise, agus tá an dhúil ceadhna ag an dtreibh atá anois féin ann sa cluiche cheadhna.
    Uair éigin, abhfad ó shin, bhí fuireann acú ag imirt liathróide lé fuireann ó Thuath na Dhroman. Do bhuaidh muinntir Cluan Droichead, agus do rainig do fhile bheith láithreach, duine abeadh é gurbh oth leis nárbh iad muinntir Thuath na Dhroman a bhuaidh. Do theip air bhrughadh fé ar aon chuma, agus nuair a labhair sé, seo mar dubhairt sé - "A uaisle Tuath na Dhroman, do fuarabhair náire, Gurb iad bhodhaighe ocracha Cluana Droichead a bhuaidh an bháire." Do dheallróchadh an sgéal go raibh iarraichtín eigin de crot uaisleachta lé feiscint í bhfuireann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge