Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 0532

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 0532

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 0532
  3. XML “Scéal an Fhir Bhoicht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dubhairt sé leis féin ná raghadh sé isteach in-aon-chor b'féidir go mbainfheadh sé preab aiste. Do chuaidh sé abhaile agus d'innis sé dhóibh cad a thuit amach do tháinig ana fhearg ortha agus dúbhradar leis cad na thaobh nár chuaidh sé isteach agus a ínnsint do'n cailín mar gheall air.
    Chuaidh sé a chodhladh an oidhche sin agus nuair a eirig sé ar maidin dúbhradar leis dul go dtí an fear bocht agus a ínnsint do'n chailín mar gheall air. D'imthig sé leis ar maidin agus do tháinig sé go dtí an áit inar thuit an fear bocht.
    Do fuair sé an fear bocht marbh ar an mbóthar agus do chuaidh sé isteach go dtí an chailín agus d'innis sé di mar gheall air. Do tháinig an chailín amach agus í ag gol agus nuair a chonnaic sí an t-Athair do thuit sí féin marbh leis. An oidhche na dhiaidh san do bhí fear ag teacht abhaile ó bheith ag sgoruidheacht agus do chonnaic sé daoine ag gol ós cíonn an áit inar thuit an fear bocht
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    N. Ní Chéilleachair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Céilleachair
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68