Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"dubhairt Domhnall mór leis an mnaoí rud eigin a thabhairt le n-ithe dhóibh ar son Dé". Dubhairt an bhean go dtabharfadh[?] sí an dínnéir dóibh go deimin nuair a bheadh sé [?] aice." Bhíodar istig tamall ana mhór ag feitheamh leis an dínnéir ach ní raibh sé ag ollamhúghadh dhoibh ná aon trácht air.
Fé dheire dubhairt Dómhnall mór leí a raibh sí cun aon dínnéir a thabhairt dóibh agus dubhairt sí gur dearmhad sí é. Chuaidh Domhnall mór amach an dorus agus d'fhan sé amuich tamall[?] ana mhór. Tar-éis tamaill tháinig sé isteach agus bata mór na láim aige. Rug sé ar an mhnaoí agus thug sé aon buille amháin di ar a thóin agus thosnuig sí ag sgreadaig.
Ansan do rug na fir ar Dómhnall mór agus dúbhradar leis gan í bhualadh a thuille mar go marbhóchadh sé í. Tháinig ana fhearg ar Dhómhnall agus dubhairt sé le na mhnaoí an dínnéir a thabhairt dóibh nó go dtabharfhadh sé an rud céadhna dí nó rud éigin níos measa.
Do dhein sí an dínnéir d'ollamhúghadh dhóibh agus ní raibh sí ró mhall leis. Nuair a bhí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Com an Ghadhair, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Chéilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63