School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"dubhairt Domhnall mór leis an mnaoí rud eigin a thabhairt le n-ithe dhóibh ar son Dé". Dubhairt an bhean go dtabharfadh[?] sí an dínnéir dóibh go deimin nuair a bheadh sé [?] aice." Bhíodar istig tamall ana mhór ag feitheamh leis an dínnéir ach ní raibh sé ag ollamhúghadh dhoibh ná aon trácht air.
Fé dheire dubhairt Dómhnall mór leí a raibh sí cun aon dínnéir a thabhairt dóibh agus dubhairt sí gur dearmhad sí é. Chuaidh Domhnall mór amach an dorus agus d'fhan sé amuich tamall[?] ana mhór. Tar-éis tamaill tháinig sé isteach agus bata mór na láim aige. Rug sé ar an mhnaoí agus thug sé aon buille amháin di ar a thóin agus thosnuig sí ag sgreadaig.
Ansan do rug na fir ar Dómhnall mór agus dúbhradar leis gan í bhualadh a thuille mar go marbhóchadh sé í. Tháinig ana fhearg ar Dhómhnall agus dubhairt sé le na mhnaoí an dínnéir a thabhairt dóibh nó go dtabharfhadh sé an rud céadhna dí nó rud éigin níos measa.
Do dhein sí an dínnéir d'ollamhúghadh dhóibh agus ní raibh sí ró mhall leis. Nuair a bhí an(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Chéilleachair
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Com an Ghadhair, Co. Cork
- Informant
- Tadhg Ó Chéilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 63