Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 116
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhí aon mac amháin aice agus isé an ainim a bhí air ná Seán agus leath-amadán a b'eadh e. Lá amháin do chuir a mháthair é go dtí an Carraig i gcóir salainn.
Bhí an lá fluich agus bhí easóg mór aige agus bhí sé ag dul treasna páirceanna agus do thosnuig sé ag clagan agus bhí gollán i lár na páirce agus do chuir sé an casóg anáirde air mar cheap sé gur fear a bhí ann.
D'imthig sé leis i gcóir an salann agus do fuair sé é agus do chuaidh sé abhaile agus d'iarr a máthair air cár chuaidh sé leis an easóg.
Dubhairt sé gur chuir sé tímpeall ar fear é a bhí amuich i lár páirce.
Dúbhairt a mháthair leis dul tar n-ais airís a iarraidh i gcóir an easóg do chuaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Dheasmhúmhna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Máire Bn. De Róiste
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí