Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ina chómhnuidhe i gCíll na Martra uair agus Seán a b'ainm do. Do cheap sé ná raibh aoinne chómh cliste leis féin chun airgead a dhéanamh.
Lá amháin agus é ag ghabháil a bhóthair do casadh fearín beag ar Do bhí an fearín ag cainnt leis ach ní raibh aon mheas aige ar. Níor dhein Seán pioch ach ag maoidheamh as féin.
D'imthig an fearín agus cúpla lá na dhiaidh do chuaidh Seán go dtí an t-aonach chun bó a cheannach mar ní raibh an stoc ceart ar a bhfeirm agus ag dul isteach do'n aonach do, do casadh an fearín beag ar agus bó néata dearg aige agus [?] aice.
Do rith an fear cuige "Do thabarfhainn cúig púnt dhuit uirthe" ar seiseann. "Cúig púnt" ar seiseann ag gáiridhe. "Do thabarfí deich dhom ach ní thógfhainn".(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire B. Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Tonn Láin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Máire Bn. de Róiste
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Cnoc an Iúir, Co. Chorcaí