Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann fadó agus 'sé an áit ina raibh cómhnuidhe air ná I gClárach. Do bhí sé ana aerach.
Do bhí sé pósta agus do bhí a bhean chómh h-aerach leis féin. Do bhí cúigear clainne aige, beirt inghean agus triúr buachaillí, agus b'iad an cúigear clainn ba chiallmhaire dá raibh ar tír. Do thárla gur pósadh duine de's na cómharsain agus do bhí rinnce aca an oidhche sin agus do bhí an bheirt aca ann.
Do bhí capall agus cárr aca mar do bhí turas fada ó'na thig féin go dtí tig an rinnce. Nuair a bhíodar ag teacht abhaile do bhí sé a h-aon a clog san oidhche. B'éigin dóibh dul thar leasa ar a shlighe abhaile dhóibh. Do stad na capaill ansan.
Do theastuigh ó'n gcapall dul isteach sa lios agus do bhí an fear a d'iarraidh é do chomaint amach ach do theip air.
Do chuaidh an capall isteach san lios,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí