Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 355
- XML “An Sprid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ag baint féir lá agus ar a theacht abhaile dho do bhí sé ag tosnú ar bheith dhorcha. Do bhí cómhgar ag dul ó'n mbóthar go dtí a thig. Nuair abhí sé chun an cómhgar a thógaint do chonaic sé bean ann agus thuig sé nách aon bhean saoghalta abhí ann.
Tháinig eagla air agus chuaidh sé do dtí póirsín abhí ann ach do bhí an bhean ansan leis Tháinig sé thar-n-ais go dtí an cómhgar airís ach bhí sí ann leis. Bhí fearg ar an bhfear agus dubhairt sé 'Fág an áit sin a diabhail'. Níor fhág an Sprid an áit. Bhí speal 'na láimh ag an bhfear agus do bhuail sé an sprid léi. Do thuit an cláirín ar an dealamh agus thóg sé suas airis é, bhí sé ró-mhaith de'n Sprid ach an lámh 'nar thóg sé suas an clairín léi do bhí sé ana thinn agus do chuir sé fios ar an Sagart an lámh do.- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí