Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sé leis an mbuachaill an bódhrán a tógaint leis cómh mear agus d'féad sé é.
Chomáineadar leó abhaile an sagart agus an buachaill in-aonfheacht agus dubhairt an sagart leis an mbuachaill duine de's na leanbhaí a thógaint agus go dtógad sé féin duine acu leis agus go mbaisfhad sé féin iad agus go mairfhad beirt acu agus go ngeobhadh an cúigear eile bás.
Do thógadar leanbh an duine acu agus do bhí na creatúirí ana-bheag go léir.
Dubhairt an buachaill leis an sagart a leanbh féin a baisteadh ar dtúis. "Go deimhin féin ní dhéanfad arsan sagart. "mar is measa liom mo leanbh féin gan baisteadh ar dtúis. Do bhaist an sagart a leanbh féinig ar dtúis agus ansan do bhaist sé leanbh an buachaill.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Risteárd Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64