School: Baile Mhúirne (C.)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0336, Page 007

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0336, Page 007

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 007
  3. XML “Seán Bráthair agus A Pháistí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Dubhairt sé leis an mbuachaill an bódhrán a tógaint leis cómh mear agus d'féad sé é.
    Chomáineadar leó abhaile an sagart agus an buachaill in-aonfheacht agus dubhairt an sagart leis an mbuachaill duine de's na leanbhaí a thógaint agus go dtógad sé féin duine acu leis agus go mbaisfhad sé féin iad agus go mairfhad beirt acu agus go ngeobhadh an cúigear eile bás.
    Do thógadar leanbh an duine acu agus do bhí na creatúirí ana-bheag go léir.
    Dubhairt an buachaill leis an sagart a leanbh féin a baisteadh ar dtúis. "Go deimhin féin ní dhéanfad arsan sagart. "mar is measa liom mo leanbh féin gan baisteadh ar dtúis. Do bhaist an sagart a leanbh féinig ar dtúis agus ansan do bhaist sé leanbh an buachaill.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Chárthaigh
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Na hUláin Thiar, Co. Cork
    Informant
    Risteárd Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Age
    64