Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (uimhir rolla 16210)
- Suíomh:
- Céim an Fhia, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na mBocht agus amhlaidh a bhí bean agus cúpla clainne annsan marbh. Tháinig scannradh ’na chroidhe agus d’imthigh an tsráid anonn. Do cheannaigh an bhulóg aráin agus níor bhé sin an sgéal ba mheasa ach ná fhéadfadh sé greim a dh’ithe le h-eagla. Do léim sé isteach thar claidhe chomh luath agus a fuair sé seans air agus chuir sé timcheall ar féin ag teacht abhaile ag ghabháil bun os cionn le na daoine go dtí go dtáinig sé thar n-ais airís go Tuath na Dromann. Dá bhfeiceadh na daoine bocht ocracha an bhulóg aige do bhaileochaidís timcheall air agus do stracfaidís ó chéile é mar a dtabharfadh sé dóibh é.
Ar a ghabháil tríd an tsráid mar a raibh seo bothán ar bhruach na h-abhann i n-aice an droichid chonaic sé seó daoine sínte taobh amuigh des na dóirse go lag leis an ocras agus tuille aca ’na suidhe i n-aice na dtinteán. Deir sé gurb é toil Dé go dtáinig tuile uathbhásach agus gur sgiob sé na botháin agus na daoine bochta leointe a bhí ionnta chun siubhal agus ná raibh luaith ná láthair tighe ann i gcionn cúpla lá.- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort Luachra, Co. Chorcaí