Scoil: Cill Mhuire (B.), Lios Árd-achaidh

Suíomh:
Cill Muire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Domhnall Ó Buachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0340, Leathanach 158

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0340, Leathanach 158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhuire (B.), Lios Árd-achaidh
  2. XML Leathanach 158
  3. XML “Scéal - An Seanbhean agus an tAirgead”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag obair. "Seadh a Sheain" arsan máighistir "do chuiris do mháthair." "Ó do chuireas" arsa Seán agus mara mbeadh thusa ní féadfainn í chuir. Sé is mó atá ag cuir orm anois cionnas a beir díólta agam. Ná bíodh ceist ort arsan máighistir. Tar annso isteach tá gnó agam díot. Do líon sé an gloine arís. "Caith suas é sin" ar seisean "tánn tú trí na chéíle agus buailte amach." D'ól Seán a raibh sa ghloine agus bhí sé ag iompáil amach chun dul ag obair. "Ná 'migh go foíl" arsan máighistir. D'oscail sé an bosca arís agus do comhaire ' sé amach trí fichid púnt chun Seán. Do leath a shúile ar Sheán nuair a chonnaic sé an carn mór. Tógh an t-airgead san" arsan máíghistir agus cuir chugat é. "Airiú ní thógfad" arsa Seán. Ar nóin ní liom-sa é. "Caifír é thógaint anois" arsan máighistir agus do chuir sé an sparán ar aghaidh Seain amach ar an clár. An aithneofá é si a Sheáin" arsan máighistir. "Beirim an diabhal" arsa Seán gurb é sparán mo mháthar é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ua Muirthile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Chúil Dubh, Co. Chorcaí