Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)
- Suíomh:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Breis is míle bliadhan o shoin do chómhnuigh Barra Naomhtha Pátrún an Ghuagáin agus Aspol Chorcaighe i nGuagán, ghá ullamhughadh i gcóir na hoibre a bhí ceapuighthe dhó. D'fhág sé a rian cómh blan daingean ar an áit gur meastar mar thalamh naomhtha ó shoin é. Le fada riamh bhíodh na hoilithrigh ag teacht go Guagán chun féile Pátrúin Chorcaighe do cheileabhra; agus is dóigh liom go bhfuil aon áit níos oireamhnaighe chun é sin do dhéanamh mar is ceart ná Guaghán Barra. Gan amhras ba mhór an ceangal a bhí aige le cathair Corcaighe, é féin a bhunaigh í, é féin a thóg céad chloc na mainistreach agus na scoile cáileamhla, é féin a riaghluigh pobal Dé ann ar feadh naoi mbliadhna déag. Tugtar onóir go solamhanta dho i gCorcaigh, ach ceapaim-se, agus cheap na hoilithrigh go léír a tháinig go Guagán leis na ciantaibh go bhfuil Fionbarr níos giorra dhúinn i measg na sléíbhthe ná ar sráideanna móra fairsinge na cathrach. Is mó athrughagh agus is mór an farfhás atá tagaithe ar an mbogach fliuc íseal, an corcach ag beal na Laoi - mar ar thóg sé an chéad árd-eaglais d'fhairce Corcaighe. Dá dtagadh sé thar-nais ó pharrthas na naomh i láthair na huaire, ní aithneóchadh sé an baile mór saidhbhir broideamhaiil, príomh-chathair an deiscirt, atá ann anois. Ní bheadh sé ar a shuimhneas ann.
Cé'rbh é an fear beannuighthe seo? Do rugadh é i meadhon na sémhadh aoise. Amergin do b'ainm d'á athair. Do bhí muinntear Amergin 'na gcómhnaidhe i(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an Ois, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Úi Lusaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an Ois, Co. Chorcaí