Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)
- Suíomh:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- XML Leathanach 035
- XML “Scéalta Crábhaidh”
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siorrruidhe orra is dóca fá gur chuireadar Moic Dé i gcontabhairt tháth áirithe. Nuair a cheap an Mháthair go raibh an chontabhairt thart tháinig sí amach agus thriall léi an ród.
- Lá áirithe d'órduigh Ioruath dá chuid saighdiúr Beithlem a thabhairt ortha féin, an Rí óg, .i. Íosa Críost, a ghabháil agus a mharbhughadh. Ní túisge sin ráidhte ag Ioruath ná thriall complucht saighdiúir chun bealaigh agus deifir ortha chun Íosa a mharbhughadh.
Chuaidh an sgéal roimh na saighdiúirí. Chuala Máthair Íosa é. Níorbh léi do b'fhaillighe é. Do chaith sí a brat thar a brághaid, rug ar A leanbh, do chuach beanna a brait thart Air is gur theich léi de shiubhal.
Do bhí sí ag siubhal is ag siubhal go raibh sé in a mheadhon lae, go raibh an ghrian ag sgoilteadh na gcloch; go raibh sí tugtha, traochta, traoithte amach. Do chuala sí an tormán ath-uair. Bhí na saighdiuiri ag filleadh fá'n a déin!
Leis sin céard a d'fheiceadh sí i logán(leanann ar an chéad leathanach eile)