Scoil: Maghcromtha (B.)
- Suíomh:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Deasmhumhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maghcromtha (B.)
- XML Leathanach 237
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-sgéal d’airgheas ó mshean-athar Pádraig Mac Síthigh. Oidhche amháin d’innis sé dúinn é.
Lá amháin dá raibh sgata tinncéirí ag cur fúthe gairid do thobar naomhtha in aice Maghchromhtha, theastuig mórán uisge uatha. Thángadar go dtí an tobar naomhtha san agus thosnuigheadar ag tarraingt uisghe as. Chuadar ar ais go dtí a gcampa agus thosnuigheadar ag bailuí adhmaid chun na teine. Chuireadar an t-uisge isteach i ngalún agus ar an neómat gur chuireadar ar an dteine é tháinig gleó mór ‘na dtímcheall.
Dein an t-uisge poll mór ag bun an ghalúin agus bhí an t-uisge ag rith thar n-ais go dtí an tobar naomhtha ‘na sruthán.
B’eígean dóibh an cuid eile de’n uisge a bhí acu do chur isteach sa tobar arís.- Bailitheoir
- Mícheál Mac Sithigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Síthigh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann