Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 002
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tar éis teacht abhaile ó Thír na n-Óg, bí Óisin 'na dhall agus é ag dul ó thigh go tigh - oidhce i dtigh annso agus oidhce i dtigh annsúd.”
Fuaireas na sgéalta seo leanas ó Seamus Mac Coitir, saor cloiche, Beanntraighe, (aois 80 bliadhna). D'airigh seisean iad ón a athair Seán Mac Coitir, Bárr an nGollán, Beanntraighe.
Tar éis teacht abhaile ó Thír na n-Óg, bí Óisin 'na dhall agus é ag dul ó thigh go tigh - oidhce i dtigh annso agus oidhce i dtigh annsúd. Gheibheadh aon dall a thagadh an treó lóistín aon oidhce amháin i dtigh Phádraig Naomhtha. Fuair Óisín and lóistín sin. Nuair tháinig Pádraig abhaile thosnuig sé a cheistuighadh agus nuair a fuair sé amach cérbh é an strannsaer dubhairt sé gur mhaith leis go bhfanfadh Óisín 'na chómhnudhe leis, i dtreó gombeadh cúntas cruinn ar an b'Féinn uaidh aige. Thug Pádraig tuarastal d'fhear chun aire do thabhairt d'Óisín ague é threórú in aon áit gur mhian leis dul.
Nuair a thagadh Pádraig isteach san oidhe, chuireadh se Óisín ag innsint sgéil.
"A Óisín" adeireadh Naomh Pádraig "Is binn liom do bhéal ag innsint sgéal, thar Oscar an laoch fear agus an cuid eile de'n Fhéinn"
"Amba, a Phádraig" adeireadh Óisín "Dá bhfeicinn-se mo mhac Oscar agus Dia lámh ar láimh ar Chnoc na bhFiadhach agus dá bhfeicinn-se mo mhac Oscar ar lár, dearfainn-se gur fear láidir Dia
"Go bhfóiridh Dia ort" arsa Pádraig "Is treise Dia ná an domhan go léir."- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Beanntraí, Co. Chorcaí