Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 019
- XML “Scéal mar gheall ar Conas a Fuair Fionn Mac Cumhaill a Ainm”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dó ní fhuaradar Bhí an rí ar buile. Do chonnaich duine éigin an lad ag éalódh. Thug an rí ordú go gcaithfidhe é leanúint. Chuaidh a raibh ar an bpáirc indiaidh an bheirt a bhí imthighthe. Bhíodar san ag rith ar a ndithceall.
Do labhair an t-sean bhean. "Rith amach romham, a chroidhe, agus annsan rith ar ais cughamse agus léim ar mo ghualainn feúchaint an bhfuiltear ár leanúint."
Do dhein Fionn amhlaidh. "Tá gach duine sa bhfaithce ag rith 'nár ndiaidh" ar seisean.
"Ó, níl baoghal orainn", ar sise "ní bhíonn aon maitheas i sluaigh mar sin, tiocfaidh tuirse ortha"
Tar éis tamaillín éile - "Rith amach romham a chroidhe", arsan sean-bhean "agus annsan fill airís chugham-sa agus léim ar mo ghualainn feúchaint cé tá, 'ár leanúint."
Do dhein Fionn mar dubhradh leis. "Tá dream ann" ar seisean "ar capallaibh bána."
"Níl baoghal orainn ar sise, "bíonn an bán bog"
Dubhairt sí leis é do déanamh an tríomhadh uair. Do dhein. "Tá", ar seisean "dream ar capallaibh dubha."
"Níl baoghal orainn" ar sise "bíonn an dubh lag"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamas Mac Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Beanntraí, Co. Chorcaí