Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 020
- XML “Scéal mar gheall ar Conas a Fuair Fionn Mac Cumhaill a Ainm”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An céad uair eile, do rith sé amach, d'fill ar ais agus léim ar a gualainn, "Tá" ar seisean dream, ár leanúint ar capallaibh donna."
"Eireócaidh leo san" ar sise "bíonn an donn cruaidh. Ná bac liom-sa anois" ar sise "ní bheidh aon seans acu teacht suas leat-sa. Cad é an púsáir mise seachas tusa? Rith leat féin id aonair."
"Ní dheanfad a leithéid, a mham" arsa Fionn ní thréigfead tusa ar a bhfuil in Éirinn
Nuair nárbh aon mhaitheas di bhéith ag áiteamh[?] leis chuadar ar aghaidh, acht bhí an t-seanbéan ag dul i laige. Annsan thóg Fionn í ináirde in a bhaclainn agus as go brách leis ar nós na gaoithe. Deirig leis dul saor ó lucht a leanta acht nuair srois sé a bhaile féin sa gcoill bhí a shean-mháthair marbh. Ní h-amháin go raibh sí marbh acht ní raibh aige ar a ghualainn acht a cabhál - bhí a ceann imthighthe di tar éis bheith ag bualadh na gcrann agus na dtor san rás.
Bhí brón mór ar Fhionn. Bhí a chuid éadaig féin 'na bhalcaisibh leis. Do chuir sé an t-sean bhean. Cuaidh sé féin agus Bran amach ag fiadhach mar[?] theastuig uaidh biadh agus croicinn mar éadach. Annsan tar éis tamaillín d'fág sé slán ag Bran agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamas Mac Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Beanntraí, Co. Chorcaí