Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 030
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tímcheall céad blian ó shoin chómhnuigh fear de mhuinntir Choitir i gCappac na luathadh in aice le Beanntraighe.”
(ar lean ón leathanach roimhe)feirmeóra i nGleann Fleise.
"Á" arsan marcac "is tusa an fear dom sa Do goideadh uaim aréir bulán breágh beathuighthe, agus táim cinnte gurb' iad bitheamhnaigh Gleanna Fleise a ghoid é Dá mbeadh deimhniú agam chuirfead-sa an dlighe ortha. Tá an dúthaig creachta ag an dream céadna agus ba cheart go gcuirfeadh duine éigin an dlighe ortha." Agus do thóg sé amac sparán lán do phíosaib óir. "Geobhair é seo" ar seisean, "acht an deímniú san a tabhairt dom. Innis dom gac a bhfeacha tú san dtigh san aréir agus beidh tú saidhbhir.
"Ní féidir liom é dhéanamh a duine uasail" arsan fear eile. "Ní fheaca mé faic san dtig san aréir acht daoine fial flaitheamhail a thug dom mo dhóithin le n-ól agus le n-ithe agus lóistín na h-oidhche. Ní fheaca mé acht biadh maith, teine bhreagh, agus leabaidh compórdach agus céad fáilte roimh strannsaer. Do theasthóchadh an t-airgead uaim acht ní féidir liom a thuilleadh gan bréag d'innsint."
(D'airig sé na rudaí act ní fheaca sé iad ón leabaidh ag an cúl doras.)
Bhí an marcach gá áireamh ar feadh i bhfad - go b'fuireast do an t-airgead do thuilleamh acht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire na Fuinseann, Co. Chorcaí