Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 086
- XML “Garraí Úireacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá Garraidhe Úireacha suidhte i mbaile Bheanntraighe. Tá falla árd mór thimcheall air agus geáta iarainn ann. Bíonn an geáta fá ghlas i gcómhnuidhe. Ins an áit seo do bhí an Cill Catoiliceach fadó sar ar tógadh an Cill nua. Tá an fóthrach ann fós agus tá daoine curtha istigh sa bhfothrach. Catoilicigh is mó a bhí curtha ann fadó ach Protastúnaigh is mó atá curtha ann anois. Tá na daoine ba shaidbhre sa pharóiste curtha ann - cuir i gcás - Tighearnaí Bheanntraighe agus Tighearnaí talmhan eile nach é. Tá alán tumaí ann agus clocha cinn, agus tá rudaí deasa sgriobhtha ar na clocaibh cinn.Nuair a thagann socraid go Garraidhe Úireacha cuirtear an comhra ar leacht istigh sa bhfóthrach agus léigheann an ministir a leabhar ós cionn an chuirp, annsan tógtar amach é, agus cuirtear é annsin.Tá alán sgéalta sídhe mar gheall ar Garradihe Úireacha. Cloiseann muinnntear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Shuilleabháin
- Inscne
- Baineann