Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó deintí lín-eadach i mBárlilnn ins gach tig, - agus seo é an caoi in a ndeintí é. Cuirtí an síol ins an Earrach, agus targaintí é ins an bhfóghmhar. Deintí é do cheangal annsan i bpunanna beaga agus deintí stucaí de, Deintí é do phorthughadh i bpoll uisge, agus deintí é d'fágaint ann cun é do stathad ar feadh cupla lá. Deintí é do leagadh amach i bpáirch cun é do bhánú. Cuirtí ar rácam é - sin cloch garbh, agus buailtí é le tuairgín cun é do déanamh lag. Deintí é do tharrach le thluth annsan agus annsan déintí é do smídh sé sin é do tharrach ath-uair.
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann