Scoil: Raharoon, Droichead Banndan (uimhir rolla 12921)

Suíomh:
Ráth Sheathrúin Thiar, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Máiréad Ní Shúilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0313, Leathanach 208

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0313, Leathanach 208

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Raharoon, Droichead Banndan
  2. XML Leathanach 208
  3. XML “Comharthaí Báistí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bíonn na Fáinleóga ag eitily go h-íseal
    Nuair a bhíonn na preacáin ag troid
    Nuair a bhíonn na faoileáin ag eitily isteach ón bfhairrge
    Nuair a bhíonn na géana ag gágarlaigh
    Nuair a bhíonn creabhair chaocha ar na buaibh
    Nuair a bhíonn an súgha ag tuitim anuas ón t-simné
    Nuair a bhíonn solus gorm ins an teine
    Nuair a bhíonn bogha leath ins an spéir ar maidin.
    Nuair a bíonn an spéar dearg ar maidin.
    Nuair a bíonn an cat in a shuidhe cois na teine
    Nuair a bíonn an madra ag ithe fhéir
    Nuair a bíonn go leor cuirmhíolta le na céile
    Nuair a bíonn uisce ag tuitim ón bhfeoil guirt
    Nuair a bíonn an beacha an leisceamhail
    Nuair a bíonn glór na h-abhainn le cloisint.
    Nuair a bíonn na sleibthe an chomharach
    Nuair a bíonn na Franncaigh ag stríacaigh ins an bfhalla
    Nuair a tagann ruadhán alla amach as líonradh
    Nuair a bíonn spréacha dearga ar an gciotal.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge