Scoil: Lios Leamháin, Tigh Molaga (uimhir rolla 12145)
- Suíomh:
- Lios Leamháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lios Leamháin, Tigh Molaga
- XML Leathanach 113
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na daoine an lá i dtigh an chailín. Do bhíodh siad ag rinnce agus ag amhránuigheacht san oidhche.
- Sa t-sean aimsir is i lár an lae a póstaí daoine. Clóca a bhíodh ar an gcailín. Théighidís go dtí an séipéal ag marcuidheacht. Bhíodh diallait ag an bhfear agus cúlog. Bhíodh oidhche go maidin aca nuair a fhilleadh siad ón séipéal. Is i dtigh an chailín a bhíodh an oidhche aca agus annsan bhíodh an tarraingt abhaile agus oidhche eile.
- Ní bhíodh diallaid leathair aca an t-am san ach diallaid déanta tuighe. Nuair a bhíodh siad ag dul abhaile ón séipeal do bhíodh rás aca agus an chéad duine a shroiseadh an baile ar dtúis do bhíodh an buadh aige. Do bhíodh clóca dearg agus cáipín ribíní ar an mnaoi. Máirt Inide nuair a bhíodh beirt ag éaló le chéile ní bhíodh ortha aon leitir d'fhaghail ón Easbog acht phósadh an sagart paróiste iad gan aon trioblóid.