Scoil: Lios Leamháin, Tigh Molaga (uimhir rolla 12145)
- Suíomh:
- Lios Leamháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lios Leamháin, Tigh Molaga
- XML Leathanach 114
- XML (gan teideal)
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Dá bhfaghainn-se mo chailín i ngáirdín na saraibh.”
Dá bhfaghainn-se mo chailín i ngáirdín na saraibh,I bhfad ó na mamaí i ngáirdín na n-ubhall,Thabharfainn-se cogar di agus do bhrúighfainn go socairAgus fé mar a bhogfadh sí thuitfadh sí anall. (thiocfadh sí liom ?)
Pádraig Ó h-Aodha (67)
Árd Gaotháin- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó hAodha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Ard Gaotháin, Co. Chorcaí
- Bhí sagart i dTigh Molaga gurbh ainm dó Seán Ó Gríobhtha. Bhí sé ag tabhairt min-bhuidhe amach mar dhéirce dos na bochtáin. Do chómhnuigh fear ann leis agus a bhean agus a inghean agus ní bhfaighdís pioc ó'n sagart mar dhéirc mar níor réitigheadar féin agus an sagart le chéile. Dubhairt fear de's na comharsain leo dul ar triall ar Shéamus Ó Colmáin agus go dtabharfadh sé sin cúntas dóibh chun an tsagairt. Do chuadar ag triall air agus do thug sé an scríbhneóireacht dóibh agus in-aimhdheoin a scríobh sé é mar nior thaithnigh sé agus an sagart céádna riamh le chéile. Do labhair an leitir mar seo:-
A Athair Seán Ó Gríobhtha,
Atá go múinte líomhtha,
An dtabharfá beagán mine do Dhiarmuid Ó Gríobhtha,
Go bhfuil a inghean na h-óinsigh,
Agus a bhean críona
Agus é féin na amadan agus is amhlaidh a bheidh sé coidhche.
Seán De Faoit (65)
Baile an Ghleanna