Scoil: Tigh Molaga (C.) (uimhir rolla 12457)
- Suíomh:
- Tigh Molaige, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tigh Molaga (C.)
- XML Leathanach 260
- XML “Proverbs”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Seacht seachtaine reamhar ó Samhain go Nodlaig.
Glór mór i gceann beag.
Bíonn blas milis ar phraiseach na gcomharsan.
Mol an óige agus tiocfaidh sí.
Mair a chapaill, agus gheobhair féar.
Bíonn an fhírinne féin searbh.
Tá siad mar a mbeadh bó agus coca féir anois.
Teigheann an bainne sa Geimhreadh in adharcha na mbó.
Fear na bó féin, fén a h-eirbeall.
Is mór-thaidhbhseach iad adharcha na mbó thar lear.
"Ná díol bó mhaol, ná ceannuigh bó mhaol, is ná bí gan bó mhaol.
Is glas iad na cnuic i bhfad uainn.
Is dóigh le fear na buile, gurb é féin fear na céille.
Is fearr focal sa chúirt, na púnt sa sparán.
Ná bris nós agus na dein nós.
Is deachair an droch rud do mharbhú.
Is minic caora dhub sa tréad is gile.
Is fearr rith maith ná droch-sheasamh.
Is fearr gnó ná cainnt.
Uam ná taoide, ní fhanann sé le h-aoinne.- Bailitheoir
- Máire Airt
- Inscne
- Baineann