Scoil: Gleannóg, Malla (uimhir rolla 9448)
- Suíomh:
- An Ghleannóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mrs K. Barrow
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I ndeire a shaoghail is amhlaidh a bhíodh Eoghan Ruadh ag siubhal o thig go tig agus ag deanamh ranna filíochta. Níor thaithn Éoghan leis na sagairt agus níor thaithn na sagairt le h-Éoghan. Lá amháin chuaidh sé cun Aifrinn. Bhí fear ag doras an tséipéil, agus bosca aige agus ní leógfadh sé aoinne isteach gan pingin a chur sa bhosca Do thárla ná raibh aon airgead ag Éoghan agus níor leogadh isteach é. Bhí cruach mhóna ar agaidh an t-séipéil amach agus do luigh Éoghan as a dhrom ann, is dubhairt ós árd -
"Más mar na sagairt seo atá an tAthair Mac
Níl brígh 'nár ngnó
'S ní fearra shúinn an t-Aifrionn
Ná suighe ar a mhóin."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mrs K. Barrow
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Denis Lynch
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí