Scoil: Gleannóg, Malla (uimhir rolla 9448)
- Suíomh:
- An Ghleannóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mrs K. Barrow
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleannóg, Malla
- XML Leathanach 084
- XML “An Sprid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sprid ann fado in-aice "le h-Abhann na Spideóige" i Lios-a Phúcha i gCiarraidhe. Gach aoinne a thagfadh an treó san oidhche chuirfeadh sí an cheist seo chuige, "Coinneal ag coinnealoír ann a's cá bhfuil a leath rann san"? agus aoinne ná feadfadh é freagairt do mharbuigcadh sí é. Do dheinfadh gach aoinne a dhícheall cun í freagairt ach ní raibh aon mhaith ann. Oidhche amháin bhí fear ag gabháil an treó. Do léim an sprid cuige a's dubhairt sí "coinneal a's coinnlealoír ann a's ca bhfuil a leath rann san?
Dubhairt an fear 'b'fearr dhuit-se bheith i bFlaitheas Dé in-ann ná beith ar Chnoc na nGamhan id sprid." Do gháir sí agus dubhairt go gcaitheadh sí feín fanamhaint annsan cun go b'freagarócadh duine éigin an cheist, annsan d'fheadfadh sí dul suas go Flathas Dé. D'imthig sí as a radharc laithreach, agus ní fheaca aoinne eile í as san amach.- Bailitheoir
- Mrs K. Barrow
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- William Coghlan
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí