Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)
- Suíomh:
- Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dáithí Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an ainm atá ar an áit in a bhfuil mé im chomhnaidhe ná Páirc-na-mBláth. 'Sé an brigh atá leis an bfocail Páirc-na-mBláth na a pháirc in a raibh a lán bláthanna ag fás. Tá sé suidh-te ar an dtaobh theas de'n mbaile mbeag, in aice na hAbhainn Mhóire.Tá cúig tighthe móra insan áit. Tá cúigear nó seisear duine na gcómhnaidhe ins gach dtigh. Tighthe ceann slinne iseadh na tighthe go léir. Timcheall dó deag bliadhna ó shoin do tógadh uachtarlann in aice an t-srutha beag atá ag snidhe trídh an ghleann. Tá muilleann adhmaidh suidhte in aice an t-srutha. Deirtear go ndeintí líon eadaigh ann fad-ó. Do bhí triocadh nó ceathracha duine ag obair insan muilleann an t-am san.Fadó do bhí sráid bheag in aice na h-áite in a bhfuil an muilleann anois. Tá rian de's na tighthe le feiscint ann fós. Do bhí seipéal ann agus deirtear gur marbhuigheadh fear ann agus níor léigheadh Aifreann ann óshóin. Tighthe ceann tuighe do beadh na tighthe go léir, agus do bhí an cuid ba mhó de's na fír ag obair san muilleann. Deirtear gur chuaidh an cuid bá mhó de's na daoine go dtí America in aimsear an Ghórta. Níl aon rian de's tighe ann anois, ach tá na fallaí in seasamh ann fós.Timhcheall nóchadh bliadhna ó sóin do deineadh bothar ó Phairc-na-mBlath go dtí Corchaig. Tugtar an Líne
(Tuistiún sa ló a bhí ag gac fear)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Lombárd
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Caisleán na Bláthaí, Co. Chorcaí