Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)
- Suíomh:
- Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dáithí Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar an dtaobh thuaidh den bhaile bheag tá mo thigh suidhte. Timchell ceithre paírc ón bothar tá lios suidhte ibaíre Mhic de Barra agus tá sé ar thalamh árd. Tugtar an Ráth Árd ar an áit anois. Tá dhá claidhe ciorcalac mór timcheall ar ach le deidheannaidhe tá siad ag tuitim. Idir an dhá chlaide bí uisce ann fadó agus bhí cuaillí láidire ináirde ortha. Istigh insan an lár bhí tighe deanta de cleathaibh agus pluda. Bhí na cuaillí inaice le cheile agus bior ortha idtreó na raghaidh aoinne isteac.Deirtear gur dhein na Gaedheal íad chun íad féin do chosaint ós na Danair. Le deidheannaidhe do thuit na claidheacha isteac agus tá sceaca istigh ann anois.Tá cúig deag tigte ón staísiún go dtí an crosaire agus tá seisear na gcomhnaidhe igach tigh. Tighthe ceann slinne iseadh íad go léir. Fadó bhí cúpla tigh ar an mbóthar go dtí Gleann Iubhar agus do leagadh íád go léir le tuitim den talamh.Fadó bhí an staísiún insan áit na bhfuil an bothar anois agus nuair do doigead (?) é do cuireadh é insan áit na bhfuil sé anois.Bhí Osbuideal i bpaírc Mhic de Barra in aimsir na Gorta agus tugtar Páirc an Osbuidéal air anois.