Scoil: Árd na Giuíse (Firmount), Donaghmore (uimhir rolla 1692)
- Suíomh:
- Ard na Giúise, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Heádhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuardach agus a suidheamh do thaisbeáint.Sreangán umha go bhfuil dhá bheinn
air, a bhaineann sé seo feidhm as.
Thriallamar an lios agus nocht sé domh (?)
go raibh saghas uamha i lár na leasa
sé troighte thíos fén dtalamh, go raibh
an uaimh seo trí troighthe ar leithead agus
tuairim cúig slait déág ar faid.Dheineas féin fírinne an sgéil do (?)
leis an sreangán agus bhí an t-eolas
díreach mar dubhairt sé.I nGarrán, dá mhile siar ó dheas ón áit
seo atá Souterréin don t-saghas
atá luaidhte a fosgladh cúpla bliadhan
ó shoin. Deirtear go bhfuil an leitheád
fé gach lios sa cheanntar seo.
Fosgladh ceann aimsear na nDubhcrónach
i nGarrán ach ní fuairead
tada ann.Maidir le léigheann agus creideamh
agus cráibhtheacht sa t-seana shaogal
ní raibh an duthchaigh mágcuaird
gan a dhóthain díobh do réir ainmneacha
na mbailte fearainn.Tá (-) sa Paróíste agus tagann
an focal "Cill" isteach idtrí no i gceithr
cinn díob. Siad seo ainmneaca(leanann ar an chéad leathanach eile)