Scoil: Convent of Mercy, An Pasáiste, Corcaigh
- Suíomh:
- An Pasáiste, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Convent of Mercy, An Pasáiste, Corcaigh
- XML Leathanach 184
- XML “Luibheanna agus Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)1. Sáiste an Chnuic
na bileóga do bhrúghadh i n uisce agus an t-uisce d'ól nó iad do bheiriughadh & an té a dh'ól. Mearuigeann san cuarduladh na fola & dá bhrígh sin is leigheas sásamhail é má leantar aon alt nó féithleóg de'n corp. Nuair a leantar ró fhada á ól goillean sé ar an radharc. Ana luibh iseadh an Saiste agus moltar é ins an sean-fhocal "Fear ag fághail bháis agus an Sáiste ar an gcnoc"2. Lus na Pingine.
Deintear ceirín de sin & cuirtear le gartaibh é. Tá de theist air gur maith an áis é cun na gairt do bhogadh.3. An Caisearbhán Cos Dearg.
Rogha an domhain de leigheas é sin air an ae, má bhíonn spasántacht ar an mball beatha san. Níl le déanamh ach na bileoga úra glasa a stathadh agus a chogant & iad féin nó an sughlach asta do shlogadh nó idir bileoga & preamh do bheirú & beagán de'n té sin d'ól ana spreagaidh ar an ae é sin & spionadh do'n ghoile ar fad.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Hurley
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Professor (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Radharc na Coille, Co. Chorcaí