Scoil: Baile Choitín (C.) (uimhir rolla 16110)
- Suíomh:
- Baile Choitín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Caitlín Ní Rignigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé Bailecoitín an baile atáim im comhnuidhe. Tá mo cheanntar féin i mbarúntacht Imogeela agus i bParóiste Clúana. Tá dhá sgoil agus íad gan abheith measgaithe agus séipéal. Foirgintí breaghtha iseadh an fhúrmhór na tighte anois íad fé chínn slinnteaca acht fádó ní raibh ag na daoine ann acht bothainín cun chómhnuidhthe.
Tá morán sean fothracha tighthe ann acht níl le feisgint díobh anois acht na fallaí. Se an fáth gur tugadh an ainm sin air ná go raibh Naomh darbh ainm Naomh Cota ina cómhnuidhe ar an oileán atá tuairim míle troig amach ón gcaladh. Acht creideann daoine eile gurbh amhlaidh abhí "coite" ag na h-íasgairí fadó agus gur báisteadh an ainm sin air ina ndhíaidh. Níor gnáthac le morán daoine dul go h-Aimeirce act chuaidh cupla líon tíghe thall go dtí an tír sin ar fad. Tá suas le trí céad daoine ina gcomhnuidhe insan gceanntar agus tá beirt diobh ós cionn 90 agus seisear no mór-sheisear ós cionn 70 blían. Is féidir le chuid díobh sean scéalta Gaedhilge d'ínnsint agus is féidir leis an fhurmhór díobh sean scéalta d'innsint i mBéarla. Seo íad ainm agus a seoladh.Mr. Michael Walsh,
Bay View,
Ballycotton.
Co. Cork.(leanann ar an chéad leathanach eile)